FORÓGRA SHEACHTAIN NA CÁSCA 1916

RIALTAS SEALADACH PHOBLACHT NA hÉIREANN

DO MHUINTIR NA hÉIREANN

A MHUINTIR NA hÉIREANN, IDIR FHIR AGUS MHNÁ: In ainm Dé agus in ainm na nglún a d’imigh romhainn agus a d’fhág againn mar oidhreacht seanspiorad na náisiúntachta, tá Éire, trínne, ag gairm a clainne chun a brataí agus ag bualadh buille ar son a saoirse.

Tar éis di a cuid fear  a eagrú agus a oiliúint ina heagraíocht rúnda réabhlóideach .i. Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, agus ina heagraíocht mhíleata phoiblí .i. Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, tar éis di a riailbhéasaíocht a fhoirfiú go foighneach agus fanacht go buanseasmhach leis an bhfaill chun gnímh, tá sí ag glacadh na faille sin anois, agus, le cabhair na clainne atá ar deoraíocht uaithi i Meiriceá agus na cairde calma cogaidh atá aici san Eoraip, agus, thar gach ní, le muinín as a neart dílis féin, tá sí ag bualadh buille i lándóchas go mbéarfaidh bua.

100-2

Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart mhuintir na hÉireann chun tír na hÉireann, agus, fós, chun dála na  hÉireann a stiúradh gan chosc gan toirmeasc. An forlámhas atá á dhéanamh air le cian d’aimsir ag pobal iasachta agus ag rialtas iasachta, níor mhúch sé an ceart sin ná ní féidir go brách é a mhúchadh ach le díothú phobal na hÉireann. Níl aon ghlúin dár tháinig nár dhearbhaigh pobal na hÉireann a gceart chun saoirse agus ceannais náisiúnta; sé huaire a dhearbhaigh siad é faoi arm le trí chéad bliain anuas. Ag seasamh ar an gceart bunaidh sin dúinn agus á dhearbhú arís faoi arm os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Poblacht na hÉireann ina Stát Neamhspléach Ceannasach agus cuirimid ár n-anam féin agus anam ár gcomrádaithe comhraic i ngeall lena saoirse agus lena leas agus lena móradh i measc na náisiún.

Dlíonn Poblacht na hÉireann, agus éilíonn sí leis seo, géillsine ó gach Éireannach idir fhear agus bhean. Ráthaíonn an Phoblacht saoirse creidimh agus saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheis, dá saoránaigh uile, agus dearbhaíonn gurb é a rún séan agus sonas a lorg don náisiún uile agus do gach roinn de, ag tabhairt geana do chlanna uile an náisiúin mar a chéile, gan aird aici ar an easaontas a chothaigh rialtas iasachta eatarthu agus lenar deighleadh mionlach díobh ón móramh san am atá imithe.

Go dtí go mbeidh an chaoi againn de thoradh ár n-arm chun Buan-Rialtas Náisiúnta a bhunú a bheidh ionadaíoch do mhuintir na hÉireann go léir agus a thoghfaidh fir agus mná uile na tíre, déanfaidh an Rialtas Sealadach a bhunaítear leis seo cúrsaí sibhialta agus cúrsaí míleata na Poblachta a riar thar ceann an phobail.

Cuirimid cúis Phoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mhór na nUilechumhachtaí agus iarraimid A bheannacht ar ár n‑airm; impímid gan aon duine a bheidh ag fónamh sa chúis sin a thabhairt náire di le mílaochas, le mídhaonnacht ná le slad. Ar uair na hiarrachta ró-uasal seo is é dualgas náisiún na hÉireann a chruthú, lena chalmacht agus lena smacht air féin agus le hullmhacht a chlainne chun fulaingt ar son na maitheasa poiblí, gur fiú é an árdchéim atá i ndán dó.

Arna shíniú thar ceann an Rialtais Shealadaigh,

TOMÁS Ó CLÉIRIGH,

SEÁN MAC DIARMADA, TOMÁS MAC DONNCHADHA,

PÁDRAIG MAC PIARAIS, ÉAMONN CEANNT,

SÉAMUS Ó CONGHAILE, SEOSAMH PLUINCÉAD